Comhar na nOileán CTR

Cuideachta de chuid LEADER / Comhpháirtíochta is ea Comhar na nOileán CTR do na hoileáin áitrithe amach ó chósta na hÉireann agus Na Trí Leithinis, Iarthar Chorcaí. Ghlac Comhar na nOileán freagracht ar LEADER/S.S.T. agus na cláir eile ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann. Bunaíodh an Chuideachta i 2008/2009 mar chuid den phróiseas chomhtháithithe faoi stiúir na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta. Bhí sé mar aidhm ag an bpróiseas cur i bhfeidhm na gclár ar fad a éascú don ghnáth dhuine agus cinntiú go bhfuil fáil ar na cláir ar fud na tíre.

Choose Selection